- Forbhreathnú
- Ár gComhpháirtithe
- Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú
- Díriú ar thorthaí
Forbhreathnú
Forbhreathnú
Cad é Maoiniú d’Oideachas Forbartha?
Cuireann Cúnamh Éireann maoiniú ar fáil trí chlár Comhpháirtíochta Deontais agus Straitéisí Bliantúla um Oideachas Forbartha d’eagraíochtaí atá ag gabháil do thuiscint a chur chun cinn maidir le saincheisteanna forbartha domhanda agus ceartais.
Ceadaíodh deontas bliantúil do 38 eagraíocht in 2012. Ba ionann an leithdháileadh iomlán agus €1.638 milliún.
Tacaímid le comhpháirtíochtaí straitéiseacha le heagraíochtaí atá ag obair i réimsí tosaíochta lena n-áirítear oideachas tosaigh múinteoirí, oideachas tríú leibhéal, an earnáil óige, agus tógáil cumais don earnáil oideachais forbartha. Ba ionann an leithdháileadh iomlán agus €873,774 milliún in 2012.
Cén fáth a soláthraímid Maoiniú d’Oideachas Forbartha?
Tacaíonn ár maoiniú le cur i bhfeidhm Phlean Straitéiseach Oideachais Forbartha Chúnamh Éireann 2007-11, atá sínte go dtí 2015 tar éis athbhreithnithe.
Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh a mhaoinítear tuiscint a dhaingniú maidir leis an mbochtaineacht dhomhanda agus pobal na hÉireann a spreagadh chun gníomh a ghlacadh ar mhaithe le saol níos dírí agus níos cothroime.
Tá gach clár agus tionscadal oideachais forbartha atá ceadaithe dírithe go láidir ar thorthaí a bhaint amach sna réimsí tosaíochta seo a leanas: oideachas bunscoile agus iarbhunscoile, ardoideachas, an earnáil óige agus an earnáil breisoideachais, oideachais aosaigh agus pobail.
Conas a chuirimid cuspóirí beartais i gcrích trínár maoiniú?
Aithnítear roinnt príomhthosaíochtaí sa Deontas Bliantúil um Oideachas Forbartha agus déantar gairm tograí go bliantúil chun rannchuidiú leis na tosaíochtaí sin.
Ba iad seo a leanas roinnt de na príomhthosaíochtaí le haghaidh maoinithe in 2012:
- Bunscoileanna agus Scoileanna Iarbhunscoile: na deiseanna a shíneadh laistigh d’obair scoilbhunaithe le haghaidh oideachas forbartha ar ardchaighdeán
- Earnáil na hÓige: rannpháirtíocht daoine óga i saincheisteanna forbartha a mhéadú tríd an oideachas forbartha a chomhtháthú i gcláir don óige
- An Earnáil Aosaigh agus Phobail: líon na gceannairí aosaigh/pobail atá oilte in oideachas forbartha a mhéadú.
Ár gComhpháirtithe
Ár gComhpháirtithe
Cé hiad ár gcomhpháirtithe san oideachas forbartha?
In 2012, tugadh os cionn €2.4 milliún do 43 comhpháirtí chun rannchuidiú le tosaíochtaí Chúnamh Éireann maidir leis an oideachas forbartha.
Fuair 38 comhpháirtí maoiniú os cionn €1.6 milliún faoin ngairm ar Dheontas Bliantúil um Oideachas Forbartha in 2012. Is iad seo a leanas na comhpháirtithe:
Eagraíocht |
Leithdháileadh maoinithe |
Afri |
€65,000 |
Age Action |
€10,763 |
Amawele |
€10,000 |
Amnesty International |
€77,531 |
An Cosán |
€25,500 |
An Taisce |
€66,000 |
Oideachas Aosach Bhaile Bhlainséir, CGO Cho. Baile Átha Cliath |
€40,000 |
An tIonad um Oideachas Domhanda |
€64,724 |
IT Chorcaí, Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford |
€16,500 |
Comhcheangal Fiachais agus Forbartha |
€42,275 |
Rannóg na nDaonnachtaí, IT Shligigh |
€10,000 |
ECO UNESCO |
€70,000 |
An Rannóg Oideachais, OÉ Maigh Nuad |
€10,598 |
Foghlaim Idirchultúir EIL |
€45,000 |
Cairde na Cruinne |
€11,300 |
Ionad One World na Gaillimhe |
€94,106 |
Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoin |
€50,000 |
Comhdháil na gCeardchumann |
€60,000 |
Cumann Pleanála Teaghlaigh na hÉireann |
€12,000 |
KADE (Gníomh Chiarraí um Oideachas Forbartha) |
€60,820 |
Lárionad Dlúthpháirtíochta Mheiriceá Laidineach |
€82,000 |
Scoil Ealaíne & Deartha Luimnigh |
€11,000 |
Link Community Development |
€48,860 |
Iontaobhas Oideachais Loreto |
€22,000 |
Seirbhísí Óige agus Pobail Lourdes |
€82,853 |
Mayfield Arts |
€64,000 |
Mind the GAP |
€10,000 |
Éigse Éireann |
€11,000 |
Presentation Education Office |
€30,935 |
Realt |
€7,500 |
Scoil Oideachais agus Foghlama ar feadh an tSaoil agus Scoil um Cheartas Sóisialta, COBÁC |
€33,000 |
Coláiste Naomh Pádraig |
€22,700 |
An tIonad Orgánach, Ros Inbhir |
€36,000 |
Ubuntu Network, UL |
€185,000 |
Saorálaithe Thar Lear, COBÁC |
€20,000 |
Value Added in Africa |
€15,250 |
Ionad One World Phort Láirge |
€73,500 |
YMCA |
€40,500 |
Thug Cúnamh Éireann €873,774 do chúig eagraíocht faoin gClár Comhpháirtíochta Straitéisí in 2012. Is iad seo a leanas na comhpháirtithe:
Eagraíocht |
Leithdháileadh maoinithe |
€164,000 |
|
€335,000 |
|
€180,000 |
|
€58,000 |
|
€136,774 |
Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú
Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú
Conas iarratas a dhéanamh ar an Deontas Bliantúil um Oideachas Forbartha?
Eisíonn Cúnamh Éireann gairm bhliantúil ar thograí don Deontas um Oideachas Forbartha. Foilseofar gairm tograí 2013 ar an láithreán Gréasáin go luath.
Incháilitheacht
Chun a bheith incháilithe do Dheontas Bliantúil, ní mór d’eagraíochtaí:
- Tabhairt faoi ghníomhaíochtaí san oideachas forbartha atá dírithe ar phobal na hÉireann
- A bheith ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha, sochaí sibhialta nó ina n-institiúidí oideachais a bhfuil stádas dlíthiúil acu
- Uimhir Thagartha Carthanais a bheith acu ar feadh dhá bhliain ar a laghad roimh dháta an iarratais nó Deimhniú Imréitigh Cánach reatha a bheith acu (d’fhéadfadh díolúine a bheith ag líonraí scoile ó na forálacha seo)
- Struchtúr foirmiúil cinnteoireachta a bheith acu (m.sh. bord iontaobhaithe)
- Cuntais iniúchta bhliantúla a bheith acu le dhá bhliain airgeadais anuas (foilsithe ar láithreán Gréasáin na heagraíochta)
Iarratas
Níltear ag glacadh le hiarratais ar Dheontas Bliantúil um Oideachas Forbartha go dtí go bhfógrófar gairm nua tograí le haghaidh 2013.
Díriú ar thorthaí
Díriú ar thorthaí
Tá eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú d’Oideachas Forbartha freagrach as monatóireacht éifeachtach agus leanúnach a dhéanamh ar feadh na tréimhse maoinithe go léir.
Beidh gach deontas bunaithe ar chonradh agus ar shraith torthaí comhaontaithe. Ní mór d’eagraíochtaí tuairisc a thabhairt go bliantúil do Chúnamh Éireann ar an dul chun cinn i dtreo na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo agus sin a dhéanamh tríd an bpróiseas tuairiscithe bhliantúil.
Ceanglais tuairiscithe
Áirítear le monatóireacht Chúnamh Éireann ar Dheontais um Oideachas Forbartha:
- Tuairisc bhliantúil ar thorthaí agus ar chaiteachas
- Cuntais iniúchta le seoladh isteach gach bliain
Our Global Citizenship Education Strategy
Support Documentation available for download:
- Global Citizenship Education Strategy 2021-2025
- Straitéis Oideachais um Shaoránacht Dhomhanda Chúnamh Éireann
- 2018/2019 Results from the Irish Aid Development Education Performance Measurement Framework
- 2019/2020 Results from the Irish Aid Development Education Performance Measurement Framework
- Development Education Strategy 2017-2023
- Straitéis Chúnamh Éireann um Oideachas Forbartha 2017-2023
- UN Global Goals for Sustainable Development 2015-2030
Foghlaim tuilleadh faoinár gcomhpháirtithe san Oideachas Forbartha
Féach Iarscríbhinn 18 de Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann (PDF, 8.2 MB) le haghaidh liosta de na heagraíochtaí oideachais forbartha a fuair maoiniú tríd an deontas um Oideachas Forbartha.