VEID agus SEIF a chosc
In ainneoin dul chun cinn a bheith déanta tá VEID agus SEIF ar níos mó daoine anois ná mar a bhí riamh. Táimid ag tacú le hiarrachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun tús áite a thabhairt do chosc.
Cosc ag titim ar gcúl
Cé go bhfuil dul chun cinn den scoth déanta maidir le cóireáil, tá cosc VEID ag titim ar gcúl. Meastar go bhfuil timpeall 8 milliún duine ar chóireáil frith-aisvíreasach ar fud an domhain anois. Agus cé gur cosúil go bhfuil an buaicphointe sroichte ag an ráta ionfhabhtaithe VEID, ionfhabhtaítear tuairim is 2.5 milliún duine (figiúr na NA i gcomhair 2011) gach bliain.
Tá VEID ar níos mó daoine ar domhan anois ná mar a bhí riamh. As gach duine a gcuirtear cóireáil orthu, tolgann beirt eile an galar. Má leantar leis an treocht seo ní chuirimid smacht ar an aicíd seo go deo. Ní mór iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun líon na ndaoine a tholgann an galar gach bliain a laghdú
Tuiscint ar na nithe is cúis le scaipeadh na haicíde
Tá cuid de na nithe is cúis le scaipeadh na haicíde, amhail stiogma, inscne agus neamhionannas socheacnamaíoch, chomh maith leis na pobail is leochailí agus is mó atá i mbaol, aitheanta. Tá foréigean inscne, mar shampla, ina chúis leis an aicíd agus ina thoradh air. Is féidir VEID a tharchur trí éigniú, agus tá mí-úsáid fisiciúil agus mothúchánach déanta ar go leor mná a raibh sé de mhisneach acu a rá go bhfuil siad VEID-deimhneach, ag a bpáirtithe nó ag a dteaghlaigh, mar gheall ar an stiogma a bhaineann leis an víreas.
Cabhraíonn tuiscint fheabhsaithe ar na dinimicí seo agus ar na nithe a oibríonn chun ionfhabhtú nua a laghdú go suntasach, le lucht déanta beartas tabhairt faoin aicíd náisiúnta agus fo-náisiúnta.
Eolas agus Faisnéis Lárnach
Tá eolas agus faisnéis maidir leis an víreas riachtanach chun é a chosc. Tá sé riachtanach do stádas VEID a bheith ar eolas agat. Nuair atá a stádas ar eolas ag daoine is féidir leo freagairt mar is cóir - trí iompar baolach a laghdú agus gnéas sábháilte a chleachtadh. Beidh gá le samhailtí agus cur chuige bunathraithe iompair bunaithe sa phobal, seirbhísí sláinte éifeachtacha atá cairdiúil don úsáideoir ina gcosnaítear cearta an duine do chách, agus ceannaireacht láidir ar gach leibhéal.
Stiogma a laghdú
Cuireann an stiogma a bhaineann le VEID drochmhisneach ar dhaoine ionfhabhtaithe agus daoine lena mbaineann sé ó chomhairleoireacht agus tástáil a lorg, chomh maith le seirbhísí bainteacha eile maidir le cosc, cúram agus tacaíocht.
Ár bhFreagairt
Tá cosc ar scaipeadh VEID agus SEIF ar cheann dár dtosaíochtaí lárnacha.
Tá ár bhfreagairt bunaithe ar ár dtuiscint ar na dinimicí den cheangal atá idir bochtaineacht agus VEID. Déanaimid iarracht aghaidh a thabhairt ar VEID ar bhealach cuimsitheach trí sheirbhísí sláinte feabhsaithe agus ar bhonn níos leithne trí oideachas, talmhaíocht agus cothú agus trí chláir phobail agus shóisialta.
Is é an t-oideachas an vacsaín is fear
Cabhraíonn cláir oideachais scoilbhunaithe chun cosc VEID a chur chun cinn ó aois óg. Tá sé léirithe gurb é ceann de na bealaí is éifeachtaí chun VEID a chosc ná leanaí a fháil isteach sa scoil agus iad a choinneáil ar scoil. Cabhraíonn oideachas agus na coincheapa agus smaointe nua a thagann leis chun tuiscint a fhorbairt agus méadaíonn sé cumas daoine óga iad féin a chosaint, dearcadh sláintiúil a bheith acu maidir le gnéas sábháilte agus saol sláintiúil a chaitheamh.
Feachtais eolais atá dírithe ar iompraíocht ghnéis shláintiúil
Tugaimid tús áite do chur chuige cláir oideachais, agus tacaímid freisin le hidirghabháil spriocdhírithe i gcosc VEID a fhéachann ar na leanaí is leochailí, is deacra teacht orthu, lena n-áirítear iad siúd a mhaireann ar na sráideanna, daoine óga nach bhfuil ar scoil agus teaghlaigh atá faoi cheannas linbh.
Is iad na daoine is deacra dul chomh fada leo le teachtaireachtaí agus idirghabhálacha éifeachtacha chun tuiscint a fheabhsú faoi VEID agus SEIF ná daoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht agus i bpobail tuaithe. Tá a fhios againn gurb í an chéad chéim chun ionfhabhtú VEID a sheachaint ná tarchur a chosc. Ina dhiaidh sin, ní mór dóthain tacaíochta a bheith ann ón bpobal chun dearcadh tacúil a fhorbairt maidir le gnéas sábháilte agus saol sláintiúil. Leis an tuiscint cheart agus le sochaí thacúil, is féidir le daoine na roghanna cearta a dhéanamh agus iompraíocht ghnéis shláintiúil a chleachtadh.
Tacaíocht maidir le tástáil agus comhairleoireacht
Cuireann Cúnamh Éireann tacaíocht ar fáil maidir le tástáil VEID, chomh maith le seirbhísí comhairleoireachta, atá chomh tábhachtach céanna, chun tacú leo siúd ar mian leo tástáil a fháil ionas go mbeidh tacaíocht acu le déileáil le torthaí na tástála. Nuair a bhíonn a stádas, dearfach nó diúltach, ar eolas ag daoine, bíonn sé de chumhacht acu gníomhú chun a dteaghlach a chosaint.
Tarchur VEID ó mháthair go leanbh a chosc
Tá mná ar a bhfuil VEID a éiríonn torrach níos leochailí maidir le haimhréidheanna toirchis a bhaineann le SEIF, rud a chuireann a sláinte agus a mbeatha i mbaol. Tá baol ard ann freisin go ndéanfaí an víreas a tharchur don leanbh. Tacaímid le rochtain thráthúil ar dhrugaí frith-aisvíreasacha chun tarchur an víris ó mháthair go leanbh a chosc agus chun cabhrú le sláinte na máthar a chosaint.
Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní ag croílár ár gcur chuige
Aithnímid go bhfuil neamhionannas inscne ar cheann de na nithe is cúis le scaipeadh VEID agus SEIF. Tá stiogma láidir ann fós i gcoinne daoine ar a bhfuil VEID – go háirithe i gcoinne ban ar a bhfuil VEID. Tacaímid le go leor clár chun Foréigean Inscne a chomhrac, inár n-idirghabhálacha VEID agus ar bhonn níos leithne chun comhionannas inscne a chur chun cinn.
Taighde agus Nuálaíocht
Tá a fhios againn gurb í an chéad chéim chun ionfhabhtú VEID a sheachaint ná tarchur a chosc. Tacaímid le taighde atá dírithe ar thuiscint níos fearr a fháil ar na dinimicí a bhrúnn VEID chun cinn agus déanaimid maoiniú freisin ar thionscnaimh taighde cheannródaíocha maidir le forbairt vacsaíne SEIF. Le tacaíocht Chúnamh Éireann, táimid ag feiceáil dul chun cinn spreagúil maidir le forbairt miocróibicídí ag a bhfuil sé de chumas mná a chumhachtú chun iad féin a chosaint ón víreas.