Sláinte
Fulaingíonn daoine bochta an t-ualach is troime maidir le tinneas agus droch-shláinte agus is acu is lú a bhíonn rochtain ar sheirbhísí sláinte. Creidimid gur ceart bunúsach don duine atá sa tsláinte agus go bhfuil infheistiú i ndea-shláinte riachtanach maidir leis an mbochtaineacht a laghdú. In ainneoin na bhfeabhsuithe suntasacha atá bainte amach i réimse na sláinte le blianta beaga anuas, tá rochtain ar sheirbhísí sláinte bunúsacha agus cáilíocht na seirbhísí sin míchothrom i gcónaí. Is gné lárnach dár gcuid oibre córais sláinte ár dtíortha comhpháirtíochta a láidriú.