Institiúidí Éifeachtacha
Bíonn an dea-rialachas, agus seachadadh seirbhísí riachtanacha do dhaoine, ag brath ar institiúidí láidre a bheith i bhfeidhm. Is é an aidhm atá againne cabhrú leis na hinstitiúidí a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.
Tá institiúidí éifeachtacha tábhachtach
Tá beartais agus institiúidí éifeachtacha riachtanach i leith na húinéireachta, na ceannaireachta agus na hacmhainne is gá chun an t-ocras a laghdú, teacht aniar a fhorbairt, seirbhísí pobail riachtanacha a sheachadadh agus gnóthachain forbartha a chothú.
Tá úinéireacht rialtais láidir riachtanach
Is rialtais atá reáchtáilte go maith is fearr atá ábalta iarrachtaí a bhrú chun cinn chun an t-ocras agus an leochaileacht a chomhrac. Tá róil thábhachtacha ag gníomhaithe eile freisin, amhail an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach. Ach gan úinéireacht, ceannaireacht agus cuntasacht rialtais láidir, mar aon leis an dlisteanacht agus an réim a thagann le gníomhú rialtais, beidh sé deacair dul chun cinn a bhaint amach.
Is rialtais atá reáchtáilte go maith is fearr atá ábalta iarrachtaí a bhrú chun cinn chun an t-ocras agus an leochaileacht a chomhrac.
Tá ról tábhachtach ag gníomhaithe eile
Mar sin féin, ní féidir brath ar rialtais amháin chun beartais agus institiúidí éifeachtacha a fhorbairt. Tá ról bunriachtanach ag parlaimintí, eagraíochtaí sochaí sibhialta, an earnáil phríobháideach agus an tsaoránacht níos leithne maidir le dlisteanacht a sholáthar, úinéireacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chinntiú, agus cuntasacht a éileamh.
Ár bhfreagairt
Tacaímid le forbairt institiúidí níos fearr trínár gcláir tacaíochta agus ár rannpháirtíocht lenár dtíortha comhpháirtíochta.
Tacaímid le hiarrachtaí an rialtais agus, nuair is féidir, bainimid úsáid as córais tíre chuntasacha. San obair seo, déanaimid iarracht acmhainn rialtais agus a gcomhpháirtithe a láidriú maidir le hidirghabhálacha a threisiú chun an t-ocras agus an bhochtaineacht a chomhrac, agus chun tacú le fás geilleagrach.
Cuirimid tacaíocht ar fáil d’athchóiriú ar an earnáil phoiblí, dílárú, acmhainn taighde a thógáil, oiliúint agus iarrachtaí ár gcomhpháirtithe a n-acmhainn féin a thógáil agus na hinstitiúidí atá bunriachtanach i leith na bochtaineachta a láidriú.
Conas mar a thacaímid le rialtas láidir inár dtíortha comhpháirtíochta
Faigh amach conas a dhéanaimid rialtas láidir agus institiúidí éifeachtacha a chur chun cinn agus a thacú inár dtíortha comhpháirtíochta.