Forbhreathnú ar rialachas
Tá dea-rialachas agus cur chun cinn agus cosaint chearta an duine mar bhunchloch ár n‑iarrachtaí chun an bhochtaineacht a laghdú. Tá sé sin amhlaidh toisc go bhfuil dea-rialachas ina ghné ríthábhachtach d’iarrachtaí chun ocras a laghdú, tacú le fás atá cuimsitheach agus inbhuanaithe, agus cuntasacht níos fearr a thógáil.
Nithe tábhachtacha is ea iad rialachas agus cearta an duine
Tá institiúidí agus rialtais in go leor de na tíortha is boichte ar domhan nach bhfuil ag comhlíonadh a bhfreagrachtaí i leith a saoránach. Is minic a bhíonn easpa acmhainne, lucht freasúra agus sochaí shibhialta lag, caighdeáin ísle maidir le cearta an duine, agus éilliú le sonrú sna tíortha sin.
Tá dóchas ann áfach. Tá rialtas a toghadh go daonlathach i gcumhacht i líon níos mó tíortha san Afraic anois ná mar a bhí riamh cheana. Is gnáiche agus is minice i bhfad toghcháin shíochánta san Afraic sa lá atá inniu ann.
Tá maoiniú breise ina cuid forbartha féin á dhéanamh ag an Afraic anois freisin – tá os cionn trí oiread an ioncaim á bhailiú ar an mór-roinn le deich mbliana anuas. Tá dearcadh níos géire anois ag Aontas na hAfraice ar athruithe míbhunreachtúla rialtais.
Tá dea-rialachas agus cur chun cinn agus cosaint chearta an duine mar bhunchloch ár n‑iarrachtaí chun an bhochtaineacht a laghdú.
Ár bhfreagairt
Tá sé mar aidhm againn dea-rialachas agus cearta an duine a chomhtháthú i ngach aon ghné dár gcuid oibre, agus tacú le hathrú dearfach tríd an tacaíocht shonrach a thugaimid do chláir agus do thionscnaimh rialachais.
Ár réimsí tosaíochta ó thaobh an rialachais de
Agus aird á tabhairt againn ar ár mBeartas maidir le Dea-Rialachas, is iad seo a leanas na príomhréimsí ar a ndírímid:
- Cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint
- Cuntasacht a neartú
- Institiúidí éifeachtacha a thógáil lena n‑áirítear córais dhaonlathacha rialtais, sochaí shibhialta láidir, agus meáin neamhspleácha
Tacú le taighde ar bhearta a bhfuil rath orthu
D’fhoghlaimíomar nach féidir an dea-rialachas a chur i bhfeidhm ón taobh amuigh. Tá úinéireacht agus ceannaireacht sna tíortha ina n-oibrímid de dhíth air, mar aon le rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach ar an talamh. Dá bhrí sin, táimid ag déanamh iarrachtaí móra chun gach comhthéacs áitiúil a thuiscint, ag tacú le pleananna atá réalaíoch agus indéanta, ag cumasú fadhbréiteach áitiúil, agus ag díriú ar bhearta a bhfuil rath orthu.
In áiteanna a bhfuil an tiomantas don dea-rialachas agus do chearta an duine íseal go leor iontu, oibrímid chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus athraímid ár gcur chuige nuair is gá sin.
An t-airgead a chaithimid
Tá 15% dár gcúnamh déthaobhach á chaitheamh againn ar rialachas agus ar an tsochaí shibhialta (féach Anailís ar COF Déthaobhach de réir Earnála – Iarscríbhinn 7, Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann. Tá an céatadán sin ard i gcomparáid le caighdeáin na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD).
Ár gcomhpháirtithe
Is iad seo a leanas ár bpríomh-chomhpháirtithe:
- na rialtais lena n-oibrímid
- eagraíochtaí sochaí sibhialta
- institiúidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine
Torthaí
Táimid ag cur le torthaí tábhachtacha trínár gcuid oibre, agus tá tionchar ag na torthaí sin ar shaol cuid de na daoine is boichte ar domhan. Mar shampla:
- Táimid ag feabhsú rochtain na ndaoine bochta ar an gceartas in Uganda
- Tá sochaí shibhialta atá bríomhar agus láidir á thógáil againn i Mósaimbíc
- Táimid ag neartú institiúidí na cuntasachta sa tSaimbia
- Táimid ag tacú le hiarrachtaí údaráis chánach san Afraic chun cánacha breise a bhailiú ar bhealaí atá níos éifeachtaí agus níos cothroime agus ar bhealaí ina ndéantar an dea-rialachas a chur chun cinn níos fearr
- Táimid ag spreagadh parlaimintí chun ról níos láidre a ghlacadh chun éileamh ar rialtais agus ar dhaoine agus ar ghrúpaí eile a bheith freagrach
Faigh amach faoi rialachas
Faigh amach conas a chuirimid an dea-rialachas agus an chuntasacht chun cinn inár dtíortha comhpháirtíochta.