Taighde maidir le hocras agus cothú
Cé go bhfuil go leor bia ar domhan don uile dhuine, tá ocras ar dhuine as seachtar ar fud an domhain, agus níl a ndóthain cothaithe á fháil ag duine as triúr eile. Táimid ag tacú le taighde ar na bealaí is fearr chun cabhrú leo siúd atá ag maireachtáil faoi ocras. Ina theannta sin, táimid ag tacú le teicneolaíochtaí agus leis an nuálaíocht chun freastal ar éilimh ar bhia amach anseo.
Cén fáth a ndéanaimid infheistíocht i dtaighde?
Níl dóthain bia ag 870 milliún duine le bheith sláintiúil agus le páirt a ghlacadh i saol gníomhach. Is leanaí is mó atá i gcontúirt. Faoi láthair, tá an tearc-chothú ina chúis le bás cúig mhilliún leanbh faoi bhun cúig bliana d’aois i dtíortha i mbéal forbartha gach aon bhliain.
Cuireann an t‑ocras agus an droch-chothú isteach ar an tsláinte agus ar an bhfolláine, agus déanann siad dochar d’acmhainneacht daoine sa todhchaí. I gcás leanaí, is féidir leis cur isteach ar a n‑acmhainneacht le fás agus le foghlaim.
Taighde ar Chúram Teiripeach sa Phobal
Dírímid ar infheistíochtaí sa taighde a chabhraíonn leis an tearc-chothú a chosc agus a chóireáil i leanaí óga. Ó 2001 i leith, tá tacaíocht tugtha againn do thaighde faoi stiúir ag Valid International agus Concern Worldwide maidir le droch-chothú trom a chóireáil i bpobail bhochta agus i dtíortha bochta.
Tugtar Cúram Teiripeach sa Phobal, nó Bainistiú pobalbhunaithe ar Dhroch-Chothú Trom, ar an gcur chuige réabhlóideach seo, agus cuireann sé ar chumas leanaí atá ag fulaingt faoi dhroch-chothú trom fanacht sa bhaile agus cóir a fháil le ‘Bianna Teiripeacha atá Réidh le hÚsáid’.
Léiríodh sa taighde seo go bhfuil rátaí téarnaimh níos airde agus rátaí básmhaireachta níos ísle ag baint leis an mbainistiú seo, agus go bhfuil costas atá suas le 90% níos saoire ná ghnáthchóracha leighis ag baint leis. San Aetóip, sa Mhaláiv agus sa tSúdáin idir 2001 agus 2005, chuaigh an bainistiú seo i bhfeidhm ar os cionn 70% den daonra a raibh gá acu leis. Sa tréimhse chéanna, níor bhain ach 10% den daonra leas as cláir chóireála bunaithe i gclinicí.
Rinneadh athruithe ar bheartais idirnáisiúnta maidir le droch-chothú a chóireáil dá bharr, agus tá 55 tír tar éis glacadh leis. Tá sé in úsáid go forleathan ag Aireachtaí Sláinte agus ag gníomhaireachtaí idirnáisiúnta in éigeandálaí agus i gcláir forbartha ar bhonn níos fadtéarmaí freisin.
Taighde maidir le huireasa vitimín A
Thugamar tacaíocht freisin do thaighde chun rochtain ar vitimíní agus ar mhianraí a fheabhsú. Bíonn uireasa vitimíní agus mianraí atá riachtanach don tsláinte mar thoradh ar an droch-chothú. Mar shampla, d’fhéadfadh daille a bheith mar thoradh ar uireasa vitimín A, agus d’fhéadfaí frithsheasmhacht an choirp in aghaidh galar a laghdú freisin.
D’fhéadfadh moilliú ó thaobh fáis de a bheith ina thoradh ar uireasa vitimín A i leanaí freisin. Níl a ndóthain vitimín A ag idir 100 agus 140 milliún leanbh ar fud an domhain.
Tugaimid tacaíocht do thaighde ar an bpráta milis freisin, tríd an Ionad Idirnáisiúnta Prátaí. Glasra flannbhuí é seo a bhfuil go leor vitimín A ann. Déanaimid cinnte go n‑úsáidtear an taighde sin chun leasa daoine bochta trí chomhpháirtíochtaí a mhaoiniú le gníomhaireachtaí atá ag obair allamuigh inár dtíortha comhpháirtíochta.
Sa Mhaláiv, mar shampla, oibrímid i gcomhar leis an mbrainse áitiúil den Ionad Idirnáisiúnta Prátaí agus le Concern chun cineálacha nua prátaí a fhorbairt agus chun oideachas a chur ar phobail i leith na mbuntáistí a bhaineann leis an mbarr scamhardach seo a ithe.
I Mósaimbíc, tá méadú tagtha ar an méid prátaí atá á n‑ithe ag 12,000 teaghlach de bharr ár gcomhpháirtíochta leis an Ionad Prátaí agus le Helen Keller International agus tá níos mó vitimín A á ithe anois ag leanaí óga agus ag a máithreacha.
Taighde ar tháirgeacht barr a fheabhsú
Infheistíocht mhaith is ea taighde ar an talmhaíocht – meastar go ndéantar luach €9 de bhia breise a tháirgeadh sa domhan forbraíochta ar gach €1 a infheistítear i dtaighde de chuid CGIAR.
Meastar go dtiocfaidh méadú ar dhaonra an domhain go naoi billiún duine faoin mbliain 2050, agus is i dtíortha i mbéal forbartha a bheidh formhór an mhéadaithe sin. Dá bhrí sin, beidh ualach níos mó ar thíortha soláthairtí bia leordhóthanacha a tháirgeadh agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach aon duine ar an mbia agus ar na cothaithigh atá de dhíth orthu.
Trí bhíthin an Ghrúpa Chomhairligh um Thaighde Idirnáisiúnta Talmhaíochta (CGIAR) déanaimid infheistíocht i dtaighde agus i nuálaíocht chun cineálacha agus táirgeachtaí barr a fheabhsú, modhanna feirmeoireachta níos fearr a chur chun cinn, agus tacú le heolas nua ar na naisc idir an talmhaíocht agus cothú agus sláinte níos fearr.
Infheistíocht mhaith is ea an taighde seo ar an talmhaíocht freisin – meastar go ndéantar luach €9 de bhia breise a tháirgeadh sa domhan forbraíochta ar gach €1 a infheistítear i dtaighde de chuid CGIAR.
Trínár dtacaíocht agus trí dheontóirí eile, tá barra nua atá níos athléimní á bhforbairt ag CGIAR. Táthar tar éis glacadh le níos mó ná 50 cineál nua gráin bhuí atá fulangach ar thriomach le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, tá méadú idir 20% agus 50% tagtha ar tháirgeacht i gceantair áirithe in oirthear agus i ndeisceart na hAfraice. Leanfaimid linn ag tacú leis an taighde ar an gcaoi is fearr chun an t‑eolas seo a leathnú thar thíortha agus thar phobail eile.
Léigh a thuilleadh faoi thaighde
Faigh tuilleadh faisnéise maidir le conas a thacaíonn Cúnamh Éireann le taighde