Skip to main content

Foréigean inscne

Cuireann foréigean inscne isteach ar na milliúin daoine ar fud an domhain agus cuireann sé bac ar an-chuid daoine, mná a bhformhór acu, leas a bhaint as lán a n-acmhainneachta. Tá sé ar cheann de na mí-úsáidí is forleata ach is lú aitheanta ar chearta an duine. Is cuid lárnach dár gcuid oibre deireadh a chur le foréigean inscne. 

Members of the sexual violence survivor support group SARCAF sing on a Sunday morning in the village of Walungu, South Kivu, on the DRC/Rwandan border. Photo by Will Storr

Tarlaíonn foréigean inscne i ngach tír, i mbailte, ar shráideanna agus ag láithreacha oibre, agus bíonn sé thar a bheith forleathan i rith amanna coimhlintí agus géarchéimeanna.

Úsáidtear an téarma chun cur síos a dhéanamh ar ghníomhartha d’fhoréigean gnéis, d’fhoréigean fisiciúil agus de chleachtais thraidisiúnta dhíobhálacha (amhail ciorrú ball giniúna ban) a bhíonn ina gcúis díobhála idir fhisiciúil agus shíceolaíoch.

Mná den chuid is mó a bhíonn i gceist, agus meastar go ndéantar bean as gach triúr a léasadh, a chomhéigniú chun collaíochta nó a mhí-úsáid le linn a saoil. Bíonn foréigean inscne bunaithe ar neamhionannas inscne, rud a léiríonn agus a threisíonn éagóracha idir mná agus fir.

Bíonn forleithne an fhoréigin inscne thar a bheith ard in amanna éigeandálaí daonnúla, go háirithe i gcás coimhlint armtha, nuair a bhaintear an bonn de ghnáth-chórais cosanta. Úsáidtear é go minic mar straitéis chun daonraí a dhíláithriú, eagla a chothú, agus daoine a rialú.

Baineann iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha forleathana agus millteacha le foréigean inscne:

  • D’fhéadfadh sé cur isteach ar shláinte agus ar fholláine na ndaoine a thagann slán trí éifeachtaí fisiciúla agus síceolaíocha fadtréimhseacha. 
  • Is minic go gcuireann sé bac ar chailíní freastal ar scoil de dheasca na gcontúirtí a bhíonn os a gcomhair ar an turas go dtí agus ón scoil agus is minic nach áit shábháilte do chailíní an scoil féin.
  • Is eol dúinn gurb ionann é freisin agus príomhspreagthóir phaindéim an VEID.
  • Baineann agus urchoilleann eagla roimh fhoréigean inscne glór na mban ina dtithe féin, ina bpobal agus ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ár bhfreagairt

Is tosaíocht é do Chúnamh Éireann dul i ngleic le foréigean inscne. Oibrímid le raon comhpháirtithe rialtais agus sochaí sibhialta ar leibhéal pobail, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun dul i ngleic le cúiseanna agus le héifeachtaí an fhoréigin inscne agus chun a áirithiú go bhfuil beartais leagtha síos agus curtha chun feidhme.

Mná a chumhachtú

Is eol dúinn gur slí chruthaithe é timthriall na bochtaineachta agus an fhoréigin a bhriseadh trí dhearcaí i leith na mban a athrú ach is próiseas fadtéarmach é. Is éard is aidhm lenár gcuid oibre feasacht ar chearta na mban a fhorbairt agus róil na mban i réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla a fhorleathnú. Déantar iarracht leis sin plé a chur ar bun le fir agus le buachaillí i dtaobh na saincheisteanna seo. 

Cosc trí reachtaíocht

Inár dtíortha comhpháirtíochta, tacaímid le raon tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm acu deireadh a chur le foréigean inscne, lena n-áirítear iarrachtaí reachtaíocht a achtú ionas go mbeadh foréigean inscne ina choir. Tá reachtaíocht i gcoinne an fhoréigin inscne i bhfeidhm i dtromlach na dtíortha comhpháirtíochta lena n-oibrímid. Mar shampla, in 2010, aithníodh foréigean inscne mar choir de réir an dlí i Tíomór-Leste.

Is é an chéad dúshlán eile ná a áirithiú go gcuirtear beartais chun feidhme. Is comhpháirtithe lárnacha iad eagraíochtaí sochaí sibhialta maidir le monatóireacht agus treisiú cuntasachta i dtaobh na ngealltanas arna ndéanamh.

Cur chun feidhme i gcleachtadh

Chuireamar maoiniú ar fáil le haghaidh cláir in Uganda atá dírithe ar fhorbairt acmhainn na bpóilíní, na n-oibrithe sláinte agus na n-oifigeach rialtais áitiúil maidir leis an gcaoi a n-oibríonn siad chun foréigean inscne a chosc agus freagairt ina leith. Cuireann an rialtas, gníomhaireachtaí cúnaimh agus cuideachta léiriúcháin meán an clár chun feidhme ar bhonn comhpháirteach. Is minic go mbíonn eagraíochtaí sochaí sibhialta thar a bheith tábhachtach maidir le hacmhainn a fhorbairt sa réimse sin agus maidir le soláthar seirbhísí.‌

Tacaíocht i rith géarchéimeanna daonnúla

Aithnímid de réir Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 1325 (PDF, 856.6kb), go bhféadfadh coimhlint tionchar éagsúil a imirt ar mhná agus ar fhir. D’fhonn tacú lenár bhfreagairt ar an réiteach seo, shocraigh Éire Plean Náisiúnta Gnímh, a bhfuil cuid de ceaptha chun feasacht in Éirinn maidir le foréigean inscne agus maidir lenár gcuid oibre thar lear a mhúscailt.

Tá an rún thar a bheith ábhartha dár gcuid oibre daonnúla, trína ndéantar freagairt ar riachtanais iadsan a mbíonn tionchar ag éigeandálaí orthu, cásanna coimhlinte san áireamh. Bhí iarracht gníomhaithe daonnúla bréag a chur ar an miotas gur cuid dhosheachanta de choimhlint é foréigean inscne ina píosa oibre tábhachtaí le blianta beaga anuas trína n-áirithíodh go gcuirtear iarrachtaí chun dul i ngleic leis i bhfeidhm.

Tacaímid le heagraíochtaí trína dtugtar cúnamh do dhaoine a thagann slán ó fhoréigean inscne. Mar shampla, chuireamar maoiniú ar fáil don Choiste Idirnáisiúnta Tarrthála chun tacú le daoine a tháinig slán ó fhoréigean inscne i gcampaí dídeanaithe Dadaab Thuaisceart na Céinia in 2011. Tacaímid le Christian Aid Ireland trína gcuirtear cúnamh éigeandála agus tacaíocht ar fáil do theaghlaigh leochaileacha i nDeisceart Kivu, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Leis an tacaíocht sin, tugadh cúnamh míochaine agus síceasóisialta mar aon le tacaíocht airgeadais d’íospartaigh d’fhoréigean gnéasach. 

Ag obair le comhpháirtithe ar leibhéal idirnáisiúnta

Ar leibhéal idirnáisiúnta, oibrímid le comhlachtaí amhail Mná NA, Ciste Iontaobhas an AE chun Foréigean in aghaidh na mBan a Chomhrac agus le Clár Comhpháirteach UNFPA/UNICEF maidir le Ciorrú Ball Giniúna Ban chun cláir maidir le foréigean inscne a chur chun feidhme.

Comhghuaillíochtaí gnímh a fhorbairt

Is comhalta gníomhach muid freisin de Chuibhreannas na hÉireann maidir le Foréigean Inscne. Is éard is aidhm an Chuibhreannais tacú le comhaltaí a gcumas a fhorbairt cláir a dhearadh, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheasúnú d’fhonn díriú ar fhoréigean inscne agus chun foghlaim agus an cleachtas is fearr a chomhroinnt. 

Léigh tuilleadh ar foréigean inscne

Tabhair cuairt ar láithreán Gréasáin an Chomhchuibhreannais maidir le Foréigean Inscne le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le freagairt na hÉireann.