Skip to main content

Cúrsaí Comhionannais Inscne

Cé gur saincheist dhomhanda é neamhionannas inscne, is measa fós é i gcás bochtaineachta. Is príomhthoisc é freisin maidir le marthanacht bochtaineachta. Nuair nach mbíonn cothroime rochtana ag mná ná ag fir ar acmhainní nó ar chomhdheiseanna chun páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht, bíonn costais eacnamaíocha agus sóisialta dhíreacha ann. Cuireann sé sin isteach ar mhná ach bíonn iarmhairtí ann freisin dá leanaí, dá bpobail agus dá dtíortha.

Woman carrying water collected from taps installed by international aid agencies in a camp for internally displaced persons. They fled their homes after being attacked by militias.

Rochtain ar acmhainní

D’fhéadfadh neamhionannas cur isteach ar gach gné den saol. Mar shampla, d’ainneoin go bhfuil siad freagrach as idir 60% agus 80% de tháirgeadh bia, bíonn rochtain theoranta ag mná ar phríomhacmhainní talmhaíochta amhail talamh, creidmheas agus teicneolaíochtaí nua. Má bhíonn níos mó úinéireachta ag mná ar thalamh nó má bhíonn rochtain acu ar chreidmheas nó ar leasachán is féidir leis sin gnóthachain shuntasacha a chruthú maidir le táirgeadh bia agus leibhéil ocrais a laghdú.

Oideachas a fháil

Is eol dúinn go bhfuil ceangal idir oideachas agus laghdú bochtaineachta. Cé go ndearnadh dul chun cinn suntasach maidir le líon foriomlán na gcailíní agus na mbuachaillí a fhreastalaíonn ar bhunscoil, níl cailíní ag tosú ná ag críochnú i mbunscoileanna ag an ráta céanna leis na buachaillí. San Afraic fho-Shahárach go háirithe, freastalaíonn níos lú cailíní ar an meánscoil ná buachaillí. Is bacainní suntasacha iad go fóill an bhochtaineacht agus cónaí i gceantar tuaithe maidir le hoideachas le haghaidh cailíní, a mbíonn iarmhairtí fadtréimhseacha ann dóibh, dá dteaghlaigh agus dá sochaí dá bharr.

Rochtain ar chúram sláinte bunúsach

Ar an dóigh chéanna, cuireann easpa rochtana ar chúram sláinte bunúsach agus ar sheirbhísí sláinte atáirgthe isteach go tromchúiseach ar mhná agus ar chailíní. Tá rátaí mortlaíochta máithreacha sa domhan forbraíochta, trína dtugtar léargas maidir le leibhéal foriomlán an chúraim sláinte atá ar fáil do mhná i bhfad ró-ard go fóill. Faigheann breis agus 350,000 bean bás in aghaidh na bliana mar gheall ar bhreith clainne nó mar gheall ar aimhréidh a bhaineann le breith clainne agus tarlaíonn 99% de na básanna sin sa domhan forbraíochta. Is féidir tromlach na mbásanna sin a sheachaint agus is léir ón méid sin a thábhachtach agus atá sé riachtanais éagsúla na bhfear agus na mban a bhreithniú nuair a dhéantar obair ar shaincheisteanna amhail cúram sláinte.

Airgead a shaothrú

Rinneadh dul chun cinn ach bíonn níos mó fir ná mná bainteach le fostaíocht ar phá, le gnó agus leis an saol polaitiúil. Bíonn mná freagrach as dhá thrian d’uaireanta oibre an domhain gan ach 10% d’ioncam an domhain á shaothrú acu. Ar leibhéal domhanda, níl ach 20% d’fheisirí parlaiminte agus 16% d’airí rialtais ina mná, cé go bhfuil na figiúirí sin ag méadú de réir a chéile.

Foréigean inscne

Is ionann foréigean inscne agus ceann de na mí-úsáidí is forleata ach is lú aitheanta in aghaidh chearta an duine. Gníomh nó bagairt díobhála é a dhéantar ar dhuine mar gheall ar a n-inscne. Cuireann foréigean inscne le bochtaineacht agus le drochshláinte ar fud an domhain agus cuireann sé bac ar an-chuid daoine, mná a bhformhór acu, leas a bhaint as lán a n-acmhainneachta.

Is buntáiste dúinn go léir comhionannas inscne. Is eol dúinn de dhroim fianaise gurb é an rud a tharlaíonn nuair a bhíonn mná oilte, sláintiúil agus nuair is féidir leo páirt níos iomláine a ghlacadh i gcinnteoireacht, go mbíonn buntáistí ann dá leanaí, dá bpobail agus dá dtíortha freisin; go dtagann laghdú ar bhochtaineacht agus ar dhroch-chothú, go bhfeabhsaítear caighdeáin mhaireachtála agus go gcuirtear le fás geilleagrach.‌

Annual Monitoring Report on Gender Equality

Irish Aid publish annual monitoring reports on gender equality. To download these reports please click on the links below: