Skip to main content

Comhionannas Inscne

Ní féidir le hathruithe inbhuanaithe tarlú i saol daoine bochta go dtí go bhfuil comhionannas idir fir agus mná. Ciallaíonn sé sin cothroime rochtana ar acmhainní agus ar thairbhí agus cothroime rialaithe ina dtaobh, mar aon le cothroime rannpháirtíochta i gcinnteoireacht pholaitiúil agus comhionannas faoin dlí. Tugaimid comhionannas inscne san áireamh inár gcuid oibre ar fad agus déanaimid iarracht mná agus cailíní a chumhachtú chun leas a bhaint as lán a n-acmhainneachta. ‌