Skip to main content

Taighde ar oiriúnú aeráide agus laghdú riosca

Tá tionchar ag athrú aeráide ar gach aon tír ach is iad na tíortha bochta agus na daoine bochta is mó atá thíos leis. Táimid ag infheistiú i dtaighde a thiomsaíonn fianaise faoi na bealaí is fearr a bhféadfaidh daoine bochta agus tíortha bochta cur lena gcumas tubaistí agus buillí tubaisteacha a sheasamh amach anseo.

Infheistiú i dtaighde ar athrú aeráide

Acmhainn is ea an córas aimsire agus aeráide atá riachtanach dúinn go léir le fanacht beo agus slite beatha a bheith againn, ach tá an domhan faoi bhrú. Tá méadú tagtha ar na hastaíochtaí gáis isteach san atmaisféar de bharr athruithe in úsáid talún agus toisc go bhfuil níos mó breoslaí iontaise á ndó. Dá thoradh sin tá imeachtaí móra adhaimsire mar thriomach agus thuilte ag éirí níos coitianta agus meastar go n-éireoidh siad níos coitianta fós.

Cé go bhfuil athrú aeráide ag tarlú ar fud an domhain is iad na daoine bochta agus na tíortha bochta is leochailí dá bharr toisc go mbraitheann siad go mór ar acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear talamh agus talmhaíocht, agus toisc go bhfuil níos lú acmhainní acu chun iad féin a chur in oiriúint don athrú.

Táimid ag infheistiú i dtaighde chun go mbeidh tuiscint níos fearr againn conas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide. Áirítear leis seo foghlaim níos mó faoi thionchair athrú aeráide ar fhadhbanna forbartha eile, go háirithe ocras agus slándáil bia, agus a thuiscint cad iad na teicneolaíochtaí agus an nuálaíocht is fearr a oireann do phobail áitiúla.

A chinntiú go gcuirfear athrú aeráide san áireamh maidir le cúrsaí forbartha

Tacaímid le hobair ar an leibhéal idirnáisiúnta chun eolas agus fianaise a sholáthar ar mhaithe le beartas agus cleachtas.

Bhí tionchar ag taighde a rinne an Institiúid Idirnáisiúnta um Chomhshaol agus Fhorbairt, a fhaigheann tacaíocht ó Chúnamh Éireann, ar a chinntiú go nglactar le hoiriúnú aeráide mar chuid d’fhorbairt.

Leag siad béim chomh maith ar an ngá atá le dearcaí agus eolas na bpobal áitiúil a thuiscint agus foghlaim uathu, go mór mór na bhfeirmeoirí agus na dtréadaithe bochta atá ag déileáil le fada le triomaigh, le tuilte agus le báisteach athraitheach.

Léigh Achoimre an IIED: Pleanáil maidir le hoiriúnú i gcás feirmeoireachta agus bia (PDF, 292.4kb)

Tacú le modhanna feirmeoireachta níos fearr

Léirítear i dtaighde nua go bhfuil feirmeoirí ag oiriúnú a gcuid cleachtas oibre d’fhonn teacht slán. Tá fianaise ann go n-úsáideann a lán sealbhóirí beaga cineálacha feabhsaithe síolta, idirchuraíocht agus cleachtais níos fearr maidir le beostoc.

Mar sin féin, léiríodh sa taighde freisin go gcoisceann na leibhéil arda neamhdhaingne bia go leor daoine na hathruithe a dhéanamh is gá chun déileáil le hathrú aeráide. Is iad na feirmeoirí is boichte is lú atá in ann oiriúnú a dhéanamh agus a bheith nuálach. 

Cabhróidh an taighde chun eolas a sholáthar le haghaidh beartas agus cleachtas agus lena chinntiú nach ndéanfar iarrachtaí ina n-aonar chun cleachtais feirmeoireachta a athrú toisc gur gá tacaíocht eile a thabhairt do na daoine is boichte trí shlite beatha eile nó cúnamh sóisialta a sholáthar dóibh.

Ba iad an Grúpa Comhairleach ar Thaighde Talmhaíochta a rinne an taighde (trína gclár ar Athrú Aeráide, Talmhaíocht agus Slándáil an tSoláthair Bhia) agus tugann Cúnamh Éireann agus deontóirí eile tacaíocht dóibh.

Cé go bhfuil athrú aeráide ag tarlú ar fud an domhain is iad na daoine bochta agus na tíortha bochta is leochailí.

Oiriúnú d'athrú aeráide

Léiríonn taighde a rinne Trócaire le cistí ó Chúnamh Éireann a chasta is atá na straitéisí maidir le hoiriúnú d’athrú aeráide.

Léiríonn an staidéar a rinneadh i gceithre thír go bhfuil teaghlaigh ag iarraidh rioscaí a leathnú trí éagsúlú a dhéanamh ar a slite beatha. I measc na straitéisí iomadúla atá acu chuige sin tá na barra a fhásann siad a athrú, saothar ócáideach a dhéanamh le cur lena n-ioncam, agus imirce chun obair a fháil.

Léiríonn an taighde a chasta is atá leochaileacht agus teacht aniar ar leibhéal an teaghlaigh, na malartuithe a chaithfear a dhéanamh agus na buntáistí a bhaineann le straitéisí tacaíochta éagsúla agus an chaoi ar gá na beartais le déileáil leis na fadhbanna a bheith comhtháite.

Léigh Tuarascáil Taighde Trócaire faoi Athrú Aeráide 2012 (PDF, 4 MB). Tá an t-ábhar ar fáil a thuilleadh.

Tacú le nuálaíocht sa bhfeirmeoireacht ar an leibhéal áitiúil

Sa Mhaláiv, thacaigh Cúnamh Éireann le Concern Universal chun taighde a dhéanamh ar nuálaíocht ar leibhéal an phobail. Taispeánann an obair ar 'talmhaíocht caomhantais' (próiseas nádúrtha chun ithreacha a fheabhsú agus a chosaint agus chun uisce a choinneáil) gur féidir leis an gcur chuige sin táirgeacht na mbarr a fheabhsú agus go bhfuil feirmeoirí ban an-mhaith ó thaobh róil cheannaireachta a ghlacadh maidir le talmhaíocht caomhantais.

Léigh Tuarascáil Concern Universal faoi Thalmhaíocht Caomhantais (PDF, 1.23 MB). Tá an t-ábhar ar fáil a thuilleadh.

Infheistíocht i dtaighde faoi laghdú riosca

Is iad na daoine atá an-bhocht, go háirithe, atá i mbaol mór ó shuaitheadh tobann agus ó imeachtaí gan choinne; is féidir le fiú athruithe beaga, mar shampla méadú ar phraghas an ghránaigh nó breosla, tinneas teaghlaigh nó cailliúint ainmhí, teaghlaigh a fhágáil beo bocht. 

Is féidir le suaití beaga chomh maith le géarchéimeanna móra teaghlaigh a fhágáil níos leochailí fós agus níos mó i mbaol. Táimid ag infheistiú i dtaighde chun leochaileacht na ndaoine bochta a thuiscint níos fearr, agus le fáil amach cad iad na bealaí is éifeachtaí chun cruatan a chosc agus daoine bochta a chosaint air agus cad a chinnteoidh go mbeidh teacht aniar níos mó iontu sa todhchaí.

Tacú le scéimeanna cosanta sóisialta

Léiríonn an taighde is déanaí gur féidir le hidirghabhálacha ‘cosanta sóisialta, lena n-áirítear aistrithe airgid, cabhrú le teaghlaigh a chosaint ó anás, suaití eile a chosc agus roinnt feabhais gheilleagraigh a chur chun cinn.

Thacaíomar féin agus deontóirí eile ó 2005 i leith leis an gClár Líontán Sábhála Táirgiúil (PSNP) a chuir rialtas na hAetóipe ar bun mar chuid den straitéis chun aghaidh a thabhairt ar neamhshláine ainsealach an tsoláthair bhia

Léirigh an taighde a rinne an Aireacht Forbartha Pobail ar an gclár aistrithe airgid sa tSaimbia, agus ar thugamar féin agus deontóirí eile tacaíocht dó, gur féidir le haistriú suimeanna beaga airgid, comhionann le €8 in aghaidh na míosa, dul go mór chun tairbhe na dteaghlach bocht.

Chomh maith lenár gcomhpháirtithe sa tSaimbia, táimid tiomanta do bheart a dhéanamh ar bhonn na fianaise sin agus tá tús curtha againn le staidéar mór trí bliana ar thionchar chlár deontais leanaí na Saimbia i dtrí cinn de na ceantair is boichte sa tír.

Tá staidéar tosaigh bonnlíne an tionscadail díreach críochnaithe. Meastar go léireofar sa staidéar méaduithe suntasacha i líon na mbéilí a itear in aghaidh an lae mar aon le breis caiteachais ar bhia, dea-thionchar ar chothú naíonán agus leanaí, agus ar leas ábhartha agus ar thinreamh scoile na leanaí níos sine.

Léigh Tuarascáil Bonnlíne AIR ar Dheontais Leanaí (PDF, 1.5 MB). Tá an t-ábhar ar fáil a thuilleadh.

Géarchéimeanna a chosc

Tá an Feinstein Centre in Tufts University i mbun oibre a dtugaimid tacaíocht di a léiríonn an tábhacht a bhaineann le cabhrú le teaghlaigh, pobail agus tíortha sula dtarlaíonn tubaiste chun go mbeidh siad ullmhaithe níos fearr chuige agus in ann déileáil leis níos fearr. 

Ní hamháin go bhfuil sé sin níos daonnachtúla ach cosnaíonn sé níos lú i ndáiríre. Meastar i gcás gach ​​€1 a chaitear ar ghéarchéimeanna a chosc, go spárálfar €4 a bheadh ​​ag teastáil le haghaidh freagra daonnúil. 

Má bhíonn pobail slán ó thaobh slándáil an tsoláthair bhia, sláintiúil agus sábháilte bíonn siad in ann guaiseacha a aithint roimh ré, déileáil leo, iad a sheasamh agus teacht uathu. 

Tá an fhianaise sin, agus fianaise eile den sórt, ag athrú an chaoi a n-oibríonn gníomhaireachtaí cúnaimh agus deontóirí. Is é an freagra atá tugtha againn ar an scéal ná tús áite a thabhairt dár n-iarrachtaí forbartha do laghdú ocrais agus do theacht aniar a chothú

Léigh a thuilleadh faoi thaighde

Foghlaim tuilleadh faoin gcaoi a dtacaíonn Cúnamh Éireann le taighde