Skip to main content

An Comhshaol agus an tAthrú Aeráide

Cé go bhfuil an t-athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil ag tarlú ar fud an domhain, is iad na daoine bochta agus tíortha bochta is leochailí tríd is tríd. Tá sé seo amhlaidh toisc go mbíonn siad ag brath go mór ar a gcomhshaol dá riachtanais bhunúsacha, amhail bia, uisce agus breosla. Tacaímid le pobail bhochta ionas go mbeidh siad in ann déileáil níos fearr leis na dúshláin sin atá ag dul i méid.