Skip to main content

Ag tacú le stáit leochaileacha

Le blianta beaga anuas, táimid ag díriú níos mó ar riachtanais dhaonnúla agus forbartha na ndaoine i stáit atá leochaileach nó lena mbaineann coimhlint, ina maireann tuairim is 1.5 billiún duine. 

1.5 billiún duine a mbíonn coimhlintí ag cur isteach orthu

Inár gcláir tíre sa Libéir, i Siarra Leon agus sa Chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil dírítear go láidir ar chúiseanna agus ar thionchar na coimhlinte, ar dhrochrialtas nó easpa rialtais, agus ar an bhfíorbhochtaineacht. 

Tacaímid freisin le hobair ár gcomhpháirtithe in go leor stáit leochaileacha eile lena n-áirítear an tSomáil agus an Afganastáin.

Dúshláin ag baint do dhaoine i stáit leochaileacha

Is deacair do stáit leochaileacha cobhsaíocht nó slándáil a sholáthar dá saoránaigh mar gheall ar institiúidí laga, droch-rialachas, éilliú agus cinnteoireacht neamhéifeachtúil. Is minic coimhlint inmheánach fhada a bheith sna tíortha seo, is minic droch-rialtas nó gan rialtas ar bith a bheith iontu agus fíorbhochtaineacht a bheith i gceist iontu freisin. Ní bhainfidh ach cúpla stáit leochaileach amach fiú ceann amháin de Spriocanna Forbartha na Mílaoise faoi 2015.

Bíonn baol níos airde i leith shárú chearta an duine ann mar gheall ar an easpa cobhsaíochta agus slándála, agus bíonn mná agus cailíní go háirithe i mbaol foréigean gnéasach.

Táimid ag cabhrú chun institiúidí stáit riachtanacha amhail cúirteanna, póilíní, sláinte agus córais oideachais a neartú.

Ár gcur chuige

Táimid ag cabhrú chun institiúidí stáit riachtanacha amhail cúirteanna, póilíní, sláinte agus córais oideachais a neartú. I dteannta na hoibre riachtanaí seo chun an stát a fhorbairt, tacaímid le hiarrachtaí chun síocháin a neartú agus chun cearta an duine agus an daonlathas a láidriú. Chuige sin oibrímid le réimse gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, le rialtais agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha.

Ár dtiomantas torthaí níos fearr a sheachadadh

In 2011, shínigh Éire an Beart Nua chun Oibriú i Stáit Leochaileacha. Sa réiteach seo idir roinnt tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, leagtar síos spriocanna lárnacha maidir le síocháin a bhaint amach agus stáit a fhorbairt, dírítear ar bhealaí rannpháirtíochta nua agus aithnítear tiomantais chun comh-iontaobhas a fhorbairt agus torthaí níos fearr a bhaint amach i stáit leochaileacha.