Tugann Cúnamh Éireann, clár cúnaimh forbraíochta oifigiúil an Rialtais, cuireadh d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta in Éirinn iarratais a sheoladh isteach faoi Chiste na Sochaí Sibhialta (CSS). Tacaíonn CSS le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le heagraíochtaí eile na sochaí sibhialta freagairt d'fhorbairt ar riachtanais na bpobal bocht thar lear.
Beidh gach eagraíocht a fhaigheann maoiniú faoi CSS faoi réir mhonatóireacht agus mheastóireacht Chúnamh Éireann. Ceapadh na Treoirlínte thíos maidir le Tuairisciú, Monatóireacht agus Meastóireacht ar Chiste na Sochaí Sibhialta chun cuidiú le comheagraíochtaí CSS monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh do Chúnamh Éireann ar dheontais a fhaightear.
Clúdóidh na treoirlínte seo blocdheontais CSS cé go bhféadfaí treoirlínte ar leithligh a cheapadh d'eagraíochtaí blocdheonaithe amach anseo.
Tá Treoirlínte Feidhmeacha don scéim nua, Foirm Iarratais agus Foirm Réamhcháilíochta (Foirm A) ceangailte thíos.
An Chéad Bhabhta eile de Mhaoiniú CSS
Is é an 9 Samhain 2007 an dáta deiridh d'iarratais ar an gcéad bhabhta eile de mhaoiniú, agus tá sé beartaithe an Cruinniú Coiste chun Iarratais a Fhaomhadh a reáchtáil ar 27 & 28 Feabhra 2008.
Tá sé beartaithe an dara babhta le haghaidh 2008 a bheith ann le dáta deiridh d'iarratais ar an 28 Márta 2008 agus beidh Cruinniú Coiste ann chun na hIarratais sin a Fhaomhadh ar 25 & 26 Meitheamh 2008.
Seol iarratais agus fiosrúcháin isteach go leictreonach chuig: csfund@dfa.ie
Tabhair do d'Aire: Tá Rannóg na Sochaí Sibhialta, Cúnamh Éireann, anois lonnaithe i Luimneach. An seoladh sealadach atá againn ná 106 Sráid Uí Chonaill, Luimneach Teil: 01 408 2000, Facs: 061 774090.
Ní mór gach comhfhreagras chuig Rannóg na Sochaí Sibhialta a sheoladh chuig an seoladh thuasluaite. Fanfaidh an seoladh ríomhphoist mar an gcéanna. (Rannóg na Sochaí Sibhialta, 14 Meitheamh, 2007)
TABHAIR DO D'AIRE:
1. Breathnaigh ar na nósanna imeachta nua le haghaidh iarratais ar leathanach 1 den Fhoirm Iarratais.
2. Ní mór d'iarrthóirí i gcónaí úsáid a bhaint as an leagan is déanaí de na treoirlínte agus de na foirmeacha iarratais mar atá siad ar an suíomh.
3.Cuireadh roinn níos sia maidir le maoiniú d'Fhorbairt Eagraíochtúil leis na Treoirlínte (roinn 6). |