Irish Aid - Department of Foreign Affairs - An Roinn Gnóthai Eachtracha
Obair Dheonach
An tAonad um Chór Oibre Deonaí

Tá traidisiún maith ag Éirinn ó thaobh na hoibre deonaí thar lear de. Aithnítear go hidirnáisiúnta go bhfuil cór díograiseach gairmiúil den scoth ag Éirinn ag obair sa chuid sin den domhan atá i mbéal forbartha. Tá spéis mhór fós san obair dheonach thar lear. Faoi láthair cuireann Cúnamh Éireann maoiniú ar fáil trí scéimeanna na Sochaí Sibhialta (féach rannán ar mhaoiniú ) mar a bhfuil breis is 1,300 oibrí deonach agus oibrí forbraríochta, oibrithe tuata nó misinéirí, ag obair gach bliain.

Tá deiseanna ann do dhaoine leis an bhfuinneamh, na scileanna agus an díograis, ach uaireanta bíonn an t-eolas maidir leis teoranta. D'fhonn eolas a fháil sa chás sin, agus chun ár dtraidisiún maidir le hobair dheonach a thabhairt isteach sa phríomhshruth, cuireadh Aonad um Chór Oibre Deonaí ar bun laistigh de Chúnamh Éireann. An sainchúram atá ar an Aonad ná tógáil ar an díograis i leith na hoibre deonaí thar lear atá ann sa tír seo.

Gné lárnach den tionscnamh seo ná láithreacht a bheith ann i mBaile Átha Cliath mar a bhféadfadh daoine bualadh isteach - áit le rochtain phoiblí ar an eolas atá ann ar dheiseanna d'obair dheonach. Beidh an t-ionad seo i mbun gníomhaíochtaí eolais eile don chlár cúnamh. Bainfidh sé an úsáid is fearr agus is féidir as teicneolaíochtaí nua agus cuirfidh sé in iúl an chaoi ar féidir leis an Rialtas an chumarsáid is éifeachtaí a dhéanamh leis an bpobal. Tá sé beartaithe an cór oibre deonaí a lonnú san ionad seo de chuid Chúnamh Éireann agus osclófar é sa bhliain 2007.

An bhfuil spéis agatsa san Obair Dheonach?

Má tá spéis agat in obair dheonach ba chóir duit amharc ar an suíomh gréasáin www.volunteeringoptions.ie - suíomh gréasáin atá faoi stiúir Comhlámh le tacaíocht ó Chúnamh Éireann. Cuireann an suíomh sin eolas ar fáil maidir le socrúcháin oibre deonaí thar lear agus tá an-eolas ar fáil ar dóibh siúd ar mhian leo tabhairt faoin obair dheonach den chéad uair.

Mar chuid den tionscnamh roghanna oibre deontaí, tá maoiniú á sholáthar ag Cúnamh Éireann freisin le go gceapfaí treoirlínte d'oibrithe deonacha (Cairt d'Oibrithe Deonacha) agus do ghníomhaireachtaí a sheolann oibrithe deonacha (Cód Dea-Chleachtais). Dóibh siúd a bhfuil spéis acu in obair dheonach moltar dóibh na treoirlínte a léamh sula dtéann siad thar lear. Is féidir teacht ar shonraí maidir leis ar www.volunteeringoptions.ie.

Acmhainn úsáideach eile d'éinne a bhfuil spéis aige/aici tabhairt faoin obair dheonach thar lear ná leabhar a chuir Comhlámh ar fáil le maoiniú ó Chúnamh Éireann dar teideal "Working for a Better World". Is féidir tuilleadh eolais faoin leabhar seo agus faoi ghnéithe eile den obair dheonach a fháil ar an suíomh gréasáin d'obair dheonach.

Is féidir gach fiosrúchán faoin obair dheonach a chur faoi bhráid an Aonaid um Chór Oibre Deonaí ag:

An tAonad um Chór Oibre Deonaí

Cúnamh Éireann
Cearnóg an Easpaig
Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 4082811
R-phost: volunteercorps@dfa.ie

Cláir Oibre Deonaí Chúnamh Éireann

Chomh maith le tuilleadh maoinithe a sholáthar do bhreis is 1,300 oibrí deonach agus oibrí forbraíochta trí mheán scéimeanna maoinithe na Sochaí Sibhialta, oibríonn Cúnamh Éireann go dlúth chomh maith le heagraíochtaí iltaobhacha, dála clár oibre deonaí na Náisiún Aontaithe chun oibrithe deonacha a earcú go díreach do ghníomhaíochtaí na misean forbraíochta agus breathnadóireachta ar thoghcháin.

Misin um Breathnadóireacht Toghchán

Ar cheann de na bealaí atá ann tacú le tíortha atá ag athrú chun an daonlathais tá breathnadóireacht ar thoghcháin. Má bhíonn breathnadóirí i láthair bíonn níos mó seans go mbeidh an próiseas toghcháin níos iontaofa toisc go mbeidh sé neamhchlaonta. Dá bhrí sin, glactar anois le breathnadóireacht ar thoghcháin mar sheirbhís luachmhar a chothaíonn agus a thacaíonn le rialahas daonlathach.

Mar bhall de na Náisiúin Aontaithe, den Aontas Eorpach, agus den Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip, glacann Éire a páirt i mbreathnadóirí a sholáthar a fheidhmíonn faoi choimirce na bhforas monatóireachta aitheanta. Coinníonn Cúnamh Éireann bunachar sonraí ar a bhfuil ainmneacha na ndaoine a léirigh spéis in obair dá leithéid.

Ní mór d'iarrthóirí na critéir seo a leanas a chomhlíonadh sula mbreithneofar iad le bheith ar an Uainchláir Toghchán:

  • Taithí phraiticiúil i mbreathnadóireacht toghcháin idirnáisiúnta nó i reáchtáil togháin in Éirinn dála ionadaí tofa, ceann comhaireamh, gníomhaire toghcháin, maoirseoir vótála nó daoine a bhí bainteach le vótaí a chomhaireamh, etc.

  • Ullmhacht agus cumas obair a dhéanamh i dtimpeallacht ilchultúrtha;

  • Cumas léirithe bheith in ann feidhmiú i gcoinníollacha maireachtála déine;

  • Ní mór d'iarrthóirí a bheith sláintiúil agus nóta taistil corpachmainne a sholáthar óna ndochtúir.

Bheadh sé inmhianaithe eolas maith go leor a bheith ag an iarrthóir ar cheann de na teangacha Eorpacha seo a leanas: Fraincis, Spáinnis, Portaingéilis nó Rúisis.

Feidhmíonn Cúnamh Éireann mar phointe fócasach freisin do gach socrúchán cláir d'Oibrithe Deonacha na Náisiún Aontaithe don tacaíocht fhadtéarmach do thoghcháin agus do ghníomhaíochtaí maidir leis an tsíocháin a choimeád (isteach is amach le 6 mhí).

Má chomhlíonann tú na critéir thuasluaite agus má tá spéis agat go mbreithneofaí ar d'ainm le go gcuirfí é ar an Uainchlár, téigh i dteagmháil leis an gCór Oibre Deonaí le do thoil.

Clár Oibre Deonaí na Náisiún Aontaithe

Cuireann Cúnamh Éireann maoiniú ar fáil do shaoránaigh Éireannacha a ndéantar iad a earcú trí Chlár Oibre Deonaí na Náisiún Aontaithe (UNV) agus chomh maith leis sin feidhmíonn sé thar ceann UNB in Éirinn.

Ba chóir do dhaoine a bhfuil spéis acu obair dheonach a dhéanamh le UNV clárú ar líne ag úsáid suíomh gréasáin UNE - www.unv.org

Chomh maith leis sin, téann Cúnamh Éireann i mbun earcaíochta go tréimhsiúil do phoist shonracha d'oibrithe deonacha Éireannacha UNV. Fógraítear na poist sin ar ár suíomh gréasáin - má tá spéis agat cur isteach ar cheann de na poist sin bí ag breathnú ar an suíomh gréasáin ar bhonn rialta.

Tabhair do d'aire go bhfuil scileanna teanga tábhachtach ach go háirithe d'oibrithe deonacha UNV. Seo a leanas samplaí de na réimsí ina mbíonn folúntais a bhíonn ann le UNV:

  • Comhairleoirí Polasaí (sláinte, rialachas, oideachas) (E-F)
  • Speisialtóirí i gCosaint na hOidhreachta Náisiúnta (E-F-S)
  • Speisialtóirí forbraíochta Acmhainní Daonna (E-F)
  • Speisialtóirí maidir le ceantair chósta timpeallachta (E-F-S)
  • Speisialtóirí san obair dheonach (A-E-F-P-R-S)
  • Speisialtóirí i socrúcháin cláir VEID/SEIF (E-F-P)
  • Speisialtóirí micrea-chreidmheasa (E-R-S)
  • Speisialtóirí san fhorbraíocht rannpháirtitheach (A-E-F)
  • Dochtúirí Leighis le speisialtachtaí éagsúla (E-F-P)
  • Speisialtóirí um chosc ar ghéarchéimeanna (A-E-F-R)

      Ní mór d'iarrthóirí cúig bliana de thaithí oibre a bheith acu agus eolas maith ar cheann de na teangacha a luaitear thuas idir lúibíní:

      A=Araibis; E=Béarla; F=Fraincis; P=Portaingéilis; R=Rúisis; S=Spáinnis.

      Idirpháirtíochtaí Oibre Deontaí na Náisiún Aontaithe

      Cuireann Cúnamh Éireann deiseanna ar fáil do dhaoine a fuair céim le déanaí trí mheán na scéime idirpháirtíochtaí UNV. Caitheann na hintéirnigh bliain ag obair le gníomhaireacht de chuid na NA i dtír atá i mbéal forbartha. Tugadh tacaíocht d'aonar déag d'oibrithe deonacha Éireannacha faoin scéim seo sa bhliain 2006 agus tá tacaíocht á thabhairt do chúigear déag d'intéirnigh UNV don bhliain 2007.

      Fógrófar an chéad bhabhta eile d'intéirneachtaí UNV ar shuíomh gréasáin Chúnamh Éireann agus sa phreas náisiúnta go déanaí i mí Lúnasa 2007, agus tosóidh na socrúcháin go luath sa bhliain 2008.

      Meitheamh 2007

    • UN Logo
      © Cóipcheart
      Mapa an tsuímh | Gluais | Teagmháil | Teagmháil | An Roinn Gnóthaí Eachtracha
      Design by Arekibo