Is bunchuid de pholasaí eachtrach na hÉireann é an Comhar Forbraíochta.
Bochtaineacht a laghdú, leochailteacht a laghdú agus deiseanna a mhéadú – sin an cuspóir uileghabhálach atá ag Cúnamh Éireann.
D’fhás Cúnamh Éireann go seasta i gcaitheamh na mblianta - sa bhliain 1997 b’ionann an Cúnamh Forbartha Coigríche agus €157 milliún – deich mbliana dár gcionn bhí sé méadaithe go €813 milliún.
Agus é ag labhairt ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac ar an 14 Meán Fómhair 2005, d’fhógair an Taoiseach go sroichfeadh Éire an sprioc caiteachais a shocraigh na NA don tír maidir le Cúnamh Forbartha Coigríche - is é sin 0.7% den OTN faoi 2012.
Nuair a bhí an gealltanas seo á thabhairt ag an Taoiseach, bheartaigh sé freisin ar bhealach soiléir leis an bhfigiúr sin a bhaint amach.
An Chéad Chéim
Sa bhliain 2007, bhaineamar amach an chéad chéim a socraíodh dúinn, is é sin 0.5% den OTN (trí bliana roimh Sprioc an AE - is é sin 2010) mar ar sheas caiteachas ar Chúnamh Forbartha Coigríche ag tuairim is €813 milliún.
An Dara Céim
Sa bhliain 2010, bainfimid amach 0.6% den OTN. Bunaithe ar na rátaí fáis réamh-mheasta, beidh caiteachas ar Chúnamh Forbartha Coigríche ag tuairim is €1.2 billiún sa bhliain sin.
0.7% A Bhaint Amach
Sa chéim deiridh, bainfimid amach 0.7% den OTN sa bhliain 2012. Arís, bunaithe ar rátaí fáis réamh-mheasta, táthar ag tuar go mbeidh caiteachas ar Chúnamh Forbartha Coigríche ag tuairim is €1.5 billiún sa bhliain 2012.
Go praiticiúil, is é a chiallaíonn sé seo ná, idir na blianta 2007 agus 2012 d’fhéadfadh Éire €6 billiún a chaitheamh ar chúnamh coigríche.
Tacóidh Éire le cothú na nithe seo a leanas: forbairt dhaonna, slándáil agus ceartas daonna, daonlathas a thógáil agus a dhaingniú, comhionannas inscne a chur chun cinn, agus cearta daonna a chothú agus a chosaint.
Beidh na prionsabail seo a leanas mar threoir dúinn:
Comhpháirtíocht
Beidh an caidreamh atá ag Éirinn le tíortha atá i mbéal forbartha bunaithe ar spiorad na comhpháirtíochta agus an chomhionannais. Is iad rialtais agus pobail ár dtíortha comhpháirteacha féin, go príomha, atá freagrach as a bhforbairt féin agus beidh siad féin i bhfeighil a bpróiseas forbartha. Cuirfidh Éire comhairle, saineolas agus cúnamh ar fáil, ach ní mór an phleanáil a bhaineann le forbairt, chomh mór agus is féidir, a bheith faoi úinéireacht agus faoi threoir áitiúil.
Ní mór dár dtíortha comhpháirteacha a bpáirt a dhéanamh chun comhrac i gcoinne na caimiléireachta, chun rialtas éifeachtach freagrach a chinntiú, agus chun daonlathas agus cearta daonna a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, oibreoimid le deontóirí eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha a bhfuil na tosaíochtaí céanna acu.
Úinéireacht Phoiblí agus Trédhearcacht
Cinnteoimid go mbeidh níos mó feasachta poiblí agus úinéireachta poiblí ann maidir leis an gclár. Chomh maith leis sin, spreagfaimid níos mó feasachta i leith saincheisteanna forbraíochta. Cuirfear an clár ar fáil ar bhealach oscailte cuntasach trédhearcach. Beidh bonn trédhearcach faoi na cinntí a bhaineann le maoiniú. Rachaimid i gcomhairle le páirtithe maidir le mórthionsncaimh pholasaí.
Éifeachtacht agus Dearbhú Cáilíochta
Bainfimid úsáid éifeachtach tíosach as acmhainní poiblí, ag cur luach ar airgead ar fáil don cháiníocóir Éireannach. Chun an uaéifeacht a bhaint amach, cinnteoimid go mbeidh ardchaighdeáin ann ó thaobh na pleanála agus na bainistíochta ar ár dtionscadail agus ar ár gcláir. Oibreoimid go dlúth leis na deontóirí eile agus leis an bpobal idirnáisiúnta ionas go mbainfear an éifeacht is fearr as cúnamh forbraíochta ag leibhéal domhanda. Ní bheidh cúnamh na hÉireann ceangailte ó thaobh úsáid earraí nó seirbhísí Éireannacha. Beidh dian-iniúchadh agus dian-mheastóireacht mar bhonn lenár gcuid oibre chun a chinntiú go mbainfear an uaséifeacht as na hacmhainní agus go mbainfear amach luach ar airgead agus go bhfoghlaimeoimid ónár dtaithí go dtí seo.
Comhleanúnachas
Oibreoimid chun cur chuige comhleanúnach a bhaint amach ar fud gach Rann Rialtais. Laistigh de Chúnamh Éireann, oibreoimid lena chinntiú go mbeidh comhleanúnachas ann ar fud raon leathan d’ionstraimí um chúnamh forbraíochta a mbaintear úsáid astu chun neamhréireachtaí agus trasnáil a íoslaghdú, nó fáil réidh leo ar fad.
Inbhuaine Fhadtéarmach
Beidh ár n-idirghabhálacha marthanach agus beidh fíorleasa ag baint leo san fhadtéarma. Oibreoimid chun feabhsúcháin inbhuaine a bhaint amach i ngáthshaol na ndaoine trí chórais a thógáil chun dul i ngleic leis na cúiseanna atá le bochtaineacht seachas díreach na siomtóim a mhaolú. Déanfaidh ár gclár forbraíochta comhtháthú ar na cúiseanna timpeallachta, chun leasa na nglúnta atá le teacht a chosaint.
Nuashonrú is déanaí 08/02/07 |