Príomhphrionsabail Chúnamh Éireann
An dearbhthosaíocht atá ag clár Chúnamh Éireann ná bochtaineacht, éagothroime agus eisiatacht a laghdú i dtíortha atá i mbéal forbartha. Ceist chasta dhúshlánach chonspóideach í an laghdú bochtaineachta seo, a bhfuil gá cur chuige straitéiseach ilghnéitheach sofaisticiúil a ghabháil de láimh ina leith. Ní mór do na straitéisí frithbhochtaineachta an fáinne fí seo a bhriseadh, ach tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe dhúchasach. An slat tomhais a chaithfear a úsáid do pholasaithe agus do ghníomhaíochtaí uile Chúnamh Éireann ná cé chomh maith is atá siad ag cur leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna atá leagtha amach ag an bpobal idirnáisiúnta sa réimse seo.
Oibríonn Cúnamh Éireann i gcomhar le rialtais i dtíortha eile, le deontóirí eile, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta mar chuid den iarracht dhomhanda Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhaint amach. Seo spriocanna ar aontaigh an AE orthu ag sraith cruinnithe, agus sainaithníonn siad roinnt de na príomhchúiseanna atá le géarbhochtaineacht i ndomhan an lae inniu agus tá siad mar bhonn is mar thaca ag na polasaithe agus na gníomhaíochtaí um laghdú bochtaineachta atá ag Cúnamh Éireann. Éilíonn Spriocanna Forbartha na Mílaoise go mbainfeadh an pobal idirnáisiúnta iad seo a leanas amach:
-
Deireadh a chur le géarbhochtaineacht agus le hocras;
-
Go mbeadh oideachas bunscoile ar fáil do chách;
-
Comhionannas inscne a chothú agus mná a chumhachtú;
-
Mortlaíocht leanaí a laghdú;
-
Sláinte na máthar a fheabhsú;
-
Comhrac i gcoinne SEIF/VEID, maláire agus galair eile;
-
Inbhuaine comhshaoil a chinntiú;
-
Comhpháirtíocht um chomhar forbraíochta a bhaint amach ar bhonn domhanda.
Cuireann Spriocanna Forbartha na Mílaoise, agus na sainspriocanna a socraíodh le baint amach na Spriocanna sin a mheas, an comhthéacs ar fáil ina gcinneann Cúnamh Éireann ar na hearnálacha a dtabharfaidh sé tús áite dóibh. I measc na n-earnálacha sin tá oideachas, sláinte, talmhaíocht, slándáil bia, uisce agus sláintíocht, bonneagar agus bóithre, trádáil agus an dea-rialachas. Léiríonn gach earnáil modh ar féidir dul i ngleic le bunchúiseanna na bochtaineachta; cibé scéal é, toisc go bhfuil cúiseanna na bochtaineachta comhshnaidhmthe lena chéile chomh mór sin ní féidir dul i ngleic le cúis amháin gan aird a thabhairt ar chúiseanna eile, agus mar sin tá gá le cur chuige cuimsitheach trasearnálach má táthar chun fíorlaghdú inbhuanaithe bochtaineachta a chur i bhfeidhm. Mar sin, cuireann clár Chúnamh Éireann straitéisí trasearnálacha maidir le hinscne, le rialachas, le SEIF/VEID, agus leis an gcomhshaol san áireamh i ngach ceann dá ghníomhaíochtaí forbraíochta.
Ó cuireadh ar bun Cúnamh Éireann sa bhliain 1974, dhírigh a chlár forbraíochta go mór ar an Afraic fho-Shahárach. Caitear os cionn 80% de Chúnamh Forbraíochta Coigríche na hÉireann ar an Afraic. Faoin gcuid dhéthaobhach dá chlár, tá dianchlár fadréimseach ag Éirinn i sé thír san Afraic - is é sin Leosóta, An Mhósaimbíc, An Tansáin, an tSaimbia, agus Uganda. Beidh an Mhaláiv ar an seachtú clártír Afracach de chuid na hÉireann.
Is iad an Tíomór Thoir agus Vítneam, san Áise, an dá chlártír eile atá ag Éirinn.
Ba chlár cúnaimh gan cheangal a bhí i gclár Chúnamh Éireann i gcónaí, is é sin le rá, níl aon choinníoll ag baint leis ó thaobh earraí nó seirbhísí Éireannacha a úsáid. Tá sé mar pholasaí ag an Rialtas go leanfaí leis an gcúnamh gan cheangal seo, mar go bhfuil an Rialtas den tuairim nach mbíonn cúnamh le ceangal chomh héifeachtach, go gcothaíonn sé caighdeáin agus teicneolaíochtaí éagsúla i dtíortha atá i mbéal forbartha agus gur féidir mí-úsáid a bhaint as chun fóirdheontais easpórtála faoi cheilt a sholáthar.
Oibríonn Cúnamh Éireann i ndlúthpháitíocht leis na tíortha a fhaigheann cúnamh uaidh, le deontóirí eile, le heagraíochtaí iltaobhacha, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le misinéirí. Is den riachtanas é go mbeadh comhpháirtíocht ann leis na tíortha a fhaigheann cúnamh má tá na tairbhithe le húinéireacht a ghlacadh ar a bhforbairt féin. Tógtar an chomhpháirtíocht leis na clártíortha ar fhrámaíocht struchtúrtha a leagann amach an freagracht atá ar an dá thaobh agus éascaíonn sé idirphlé rialta oscailte agus tugann sé an deis do na tíortha a fhaigheann cúnamh a straitéisí forbraíochta féin a cheapadh. A bhuíochas leis seo, is féidir leis na tíortha féin cur lena n-acmhainn agus dul chun cinn inbhuanaithe a bhaint amach.
Oibríonn Cúnamh Éireann go dlúth leis an bpobal de dheontóirí freisin. Tá comhordú ar dheontóirí ag éirí níos tábhachtaí mar bhunchuid den iarracht idirnáisiúnta i leith na forbartha agus bíonn leas le baint ag Cúnamh Éireann as seo sa mhéid go n-éiríonn leis leas a bhaint as eolas, as anailís agus as taithí na ndeontóirí eile, agus go nglacann sé an deis an fónamh is fearr agus is féidir a bhaint as tionchar an chláir.
Cuireann Cúnamh Éireann le luach a chláir ach comhordú le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile amhail an Banc Domhanda, IMT, agus Cláir agus Cistí na NA. Is páirtí fíorthábhachtach é an AE do Chúnamh Éireann agus é ag iarraidh cur le héifeachtacht a chúnamh forbraíochta.
Tá comhpháirtíocht chuiditheach ag Cúnamh Éireann le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le misinéirí san iliomad réimsí dá chuid oibre forbraíochta agus ina obair éigeandála agus téarnaimh. A bhuíochas leis an gclár MAPS, leis an gCiste do Mhisinéirí agus le bunú an Fhóraim Forbraíochta tá caidreamh oibre níos córasaí agus níos struchtúrtha ag teacht chun cinn.
Tá Cúnamh Éireann lántiomanta éifeachtacht an chúnaimh a chinntiú, bunaithe ar phrionsabail na comhpháirtíochta, tacú le straitéisí a bhfuil úinéireacht áitiúil ag baint leo, comhordú níos fearr a dhéanamh ar dheontóirí agus comhtháthú ar pholasaí.
Mar eagraíocht, déanann Cúnamh Éireann iarracht ar bhonn leanúnach feabhas a chur ar an tuairisciú agus ar mhonatóireacht chun cultúr bunaithe ar thorthaí a chothú. Tá an gá seo le huaséifeacht a bhaint amach mar chúis amháin leo seo a leanas: ceapadh Straitéisí na gClártíortha, cur i bhfeidhm sholáthar na gclár, na scéimeanna deontais éagsúla, an fheidhm mheastóireachta agus iniúchta agus an t-eagrú inmheánach ar Chúnamh Éireann.
Feidhmíonn Cúnamh Éireann laistigh de nósanna imeachta monatóireachta agus meastóireachta dochta agus déanann sé measúnú cúramach ar éifeacht a idirghabhálacha. Iarrtar ar rialtais chomhpháirteacha bunachair sonraí a choinneáil ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar mheastóireacht agus ar mheasúnú. Socraítear táscairí feidhmíochta soiléire sna hearnálacha gníomhaíochta éagsúla.
Is freagracht mhór ar Chúnamh Éireann é bainistiú a dhéanamh ar bhuiséad atá ag dul i méid. Cosúil leis an gcuid is mó den chaiteachas poiblí, is buiséad vótáilte atá ag Cúnamh Éireann a ndéanann Dáil Éireann údarú air gach bliain (Vóta 39 – Comhar Idirnáisiúnta), agus caithfear bainistiú a dhéanamh air de réir na nósanna imeachta a rialaíonn úsáid acmhainní Stáit.
Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le nósanna imeachta airgeadais phoiblí, tá gá le dianchórais chun a chinntiú go bhfuil cuntasacht iomlán ann agus go bhfaightear luach ar airgead do na gníomhaíochtaí uile faoi gach ceannteideal de chlár Chúnamh Éireann. Coinníonn an tAonad Meastóireachta agus Iniúchta feidhm mheastóireachta agus iniúchta Chúnamh Éireann. Cuireann an próiseas iniúchta inmheánaigh dearbhuithe ar fáil don lucht bainistíochta maidir le héifeacht na gcóras um rialú inmheánach ar Chúnamh Éireann agus ar chistí poiblí a caitear de réir chuspóirí an chláir. Tá tuarascálacha meastóireachta an Aonaid M&I ar fáil don phobal.
Foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil ar Chlár um Chomhar Forbraíochta na hÉireann, lena n-áirítear cuntas sonrach ar chaiteachas, ón mbliain 1978 i leith. Cuirtear an Tuarascáil Bhliantúil os chomhair an dá theach den Oireachtas nuair a fhoilsítear í.
Is cuid thábhachtach den iarracht forbraíochta idirnáisiúnta é comhordú a dhéanamh ar dheontóirí, agus tá sé riachtanach má táthar chun éifeachtacht agus inbhuaine na forbartha a bhaint amach. Tacaíonn Éire le modhanna comhordúcháin ar dheontóirí, agus glacann sí páirt iontu.
Tá clár cúnamh forbraíochta Chúnamh Éireann mar bhunchuid de pholasaí eachrach Rialtas na hÉireann. Caithfidh Cúnamh Éireann, mar Stiúrthóireacht den Roinn Gnóthaí Eachtracha, a chinntiú go bhfuil polasaithe forbraíochta na hÉireann i gcomhréir le gach gné eile de pholasaí eachtrach na hÉireann. Ag leibhéal polasaí níos leithne, oibríonn Cúnamh Éireann chun comhleanúnachas a chothú ar fud raon leathan de pholasaithe de chuid Rialtas na hÉireann, amhail talmhaíocht, trádáil, agus cúrsaí timpeallachta agus fioscacha.
Nuashonrú is déanaí: 14/02/07*
Ar ais go barr